Gítá Ashtávakra - Aṣṭāvakra Gītā

Gítá Ashtávakra - Aṣṭāvakra Gītā

Gítá Ashtávakra - Aṣṭāvakra Gītā

Ashtavakra / Gabriel Rosenstock

17,79 €
IVA incluido
Disponible
Editorial:
Evertype
Año de edición:
2019
Materia
Textos sagrados del hinduismo
ISBN:
9781782012573
17,79 €
IVA incluido
Disponible
Añadir a favoritos

Nuair a bhí Ashtávakra i mbroinn a mháthar chuala sé a athair agus na Scrioptúir aige á n-aithris: an chéad rud eile, nár thosaigh sé ag tabhairt amach dó! Níl agat, arsa an suth sa bhroinn leis, níl agat ach tuiscint acadúil do na Scrioptúir. Ní beo suthain ionat iad!Bhí an t-athair curtha amach mar gheall air sin agus chuir sé a mhallacht ar Ashtávakra. Nuair a tháinig an leanbh ar an saol, bhí ocht mórmháchail ar a chorp agus sin é is brí lena ainm, aṣṭa ‘ocht’, vakra ‘lúb’. Ní lúbtha cam atá a theagasc, áfach, ach caol díreach!Míniú eile ar na máchailí sin a bhí air ná go raibh sé ag casadh is ag lúbadh an t-am ar fad sa bhroinn toisc nach raibh na Scrioptúir á n-aithris go cruinn ag a athair, ó thaobh na foghraíochta de. Rud beo, rud beannaithe is ea teanga agus is mór an peaca é oiread is siolla amháin a chur as a riocht.Agus é ina ógánach, thug Ashtávakra cuairt ar an Rí Janaka agus nuair a chonaic sé na scoláirí móra ann ag gáire faoin gcuma aisteach a bhí air, ar seisean leis an Rí: “Níl iontu san, a Mhórgacht ach gréasaithe bróg, súdairí!” Is é a bhí i gceist aige leis sin ná an méid seo: ní fheiceann an gréasaí bróg is an súdaire ach craiceann an ainmhí, an taobh amuigh.Thuig Janaka láithreach go bhféadfadh sé rún na beatha a fhoghlaim ón mairtíreach óg sin agus sa chéad véarsa den Gítá lorgaíonn sé an t-eolas sin. Samhlaigh an t-iontas a bhí ar na “gréasaithe” go léir, na cúirtéirí uaisle, nuair a thug an rí “Tiarna” ar Ashtávakra. Ó sea, baineadh preab as na gréasaithe ar chloisteáil an fhocail “Tiarna” dóibh. Lig don leabhar seo, Gítá Ashtávakra, preab a bhaint asatsa.Conas a tharla sé seo go léir? Deirtear go raibh tromluí ar Janaka. Ionsaíodh a phálás agus b’éigean dó dul ar a theitheadh san fhoraois. Tháinig ocras air tar éis cúpla lá. Chonaic sé manaigh i mbun deasghnátha agus ba mhór an faoiseamh dó an radharc sin: bheadh bia is deoch ar fáil dó. Bhí roinnt leitean ar dhuilleoga banana á dháileadh ag na manaigh ar na boicht agus nuair a fuair Janaka a chuid, d’imigh sé chun a lámha a ní sula gcromfadh sé ar ithe. Ach nuair a tháinig sé ar ais, bhí an leite sciobtha ag gadhar. Dhúisigh sé ina leaba, faoi bhraillíní sróil, allas air.Cad ba bhrí leis an taibhreamh? Ní raibh na scoláirí—na gréasaithe—ar aon fhocal. Na nithe a thit amach dó sa taibhreamh, ar tharla siad? Dáiríre fíre? Cad is taibhreamh ann sa chéad áit? Nuair nach raibh freagra ar bith ar fáil, nocht Ashtávakra na nOcht gCam. Thosaigh na scoláirí—na maithe is na móruaisle—ag gáire faoi. Thosaigh Ashtávakra ag gáire ar ais. Gréasaithe a thug sé orthu, nó súdairí. Is é an súdaire—sa tSanscrait śūdra—an ceast nó an tsainaicme is ísle san India. 3

Artículos relacionados

  • Alchemy of Grief
    Nancy Loeffler
      When a catastrophic event happens, your life changes in an instant. It may take some time for you to arrive in your new reality. Your life can take on a surreal quality. You may be in shock; you may feel like you are living in a haze, everything around you seems distorted. You may be unable to concentrate on anything; everything may be hyper clear, or moving in slow motion. ...
    Disponible

    9,52 €

  • Ally's Spiritual Journey
    Mary Carol Ross
    Mary Carol Ross ultimately guides the reader to the questions all animal lovers have: why animals are here, what happens when they die, and how they are here to help us. Ally’s Spiritual Journey will give you the tools you need to make sure that your animal will be in safe hands should they fall ill, including a chapter devoted to Helpful Tips for Better Pet Ownership. Mary Car...
    Disponible

    18,83 €

  • Star Nation Speaks
    Velma Rodriguez
    In this book you will learn about • different realms • sacred people and places • concepts and ideas to learn and think beyond ourselves • to recognize the great strength of love and bonding of ancient elders from the Star Nation • hidden dreams and the love-light of truth, and believing once again • a spark to consider in ourselves and in those souls yet to come • positive tho...
    Disponible

    10,00 €

  • Ally's Spiritual Journey
    Mary Carol Ross
    Mary Carol Ross ultimately guides the reader to the questions all animal lovers have: why animals are here, what happens when they die, and how they are here to help us. Ally’s Spiritual Journey will give you the tools you need to make sure that your animal will be in safe hands should they fall ill, including a chapter devoted to Helpful Tips for Better Pet Ownership. Mary Car...
    Disponible

    14,87 €

  • Luminous Bodies
    Melinda Camber Porter
    Luminous Bodies is a work of celebration and mourning in two volumes of 45 watercolors in each volume. These images explore the spiritual and cultural forces that continuously vie to originate and then heal the rift between the body and the soul. In this volume, the Foreward, Robin Hamlyn states, “In order to produce art like Melinda Camber Porter’s Luminous Bodies you have to...
  • The Isles of the Many Gods
    David Rankine / Sorita d'Este / Sorita d’Este
    The British Isles have long been seen as a place of mystery & magic. For many thousands of years successive waves of invaders each brought their own gods & goddesses with them, often assimilating the beliefs of the tribes they conquered. The Celtic races merged with the indigenous people, they were conquered by the Romans, who brought with them deities from all over the Roman E...
    Disponible

    25,76 €